Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Leac Aifrinn: Scrios saighdiúirí Chromwell an séipéal agus bhí “Leac an Aifrinn” ag taobh na reilige, an áit a léití an tAifreann in am na bpéindlithe. | 00:01:00 | |
Sean chlocha / leaca atá ag taobh na reilige i Míobhaigh, cloch ála (wishing stone) ach goideadh í. Tá leac eile, Leac na bPingeacha, an áit a ndíoltaí oirrtheáil le tórramh. Dhíoladh daoine airgead i dtithe faire le cuidiú leis an teaghlach costas an tórraimh a dhíol ach sa deireadh thosaigh an t-airgead ag dul chuig an tsagairt. | 00:03:33 | |
Iarsmaí ón Sean saol: Pota Óir – deirtear sa tseanchas go bhfuil pota óir curtha sa bhinn i dtaobh an tséipéil ach níl sé le fáil ag duine ar bith. Thug an cóiste seandálaí amach le hamharc ar an reilig am amháin agus bhí sé iontach costasach. | 00:06:58 | |